Tugann an Coimisinéir Georgieva cuairt ar mheánscoil Bhulgárach

An 31 Bealtaine, bhuail an Coimisinéir um Chomhar Idirnáisiúnta, Cabhair Dhaonnúil agus Freagairt i gcás Géarchéime, Kristalina Georgieva, le daltaí meánscoile i mbaile Elena, atá suite i lár an tsliabhraoin Bhalcánaigh i dtuaisceart na Bulgáire.

Tháinig na daltaí, a bhí i ngráid 8, 9, 10 agus 11, agus a bhí idir 13 agus 17 mbliana d'aois, ón ardscoil "Ivan Momchilov" in Elena agus ghlac siad páirt ghníomhach sa chruinniú. Chuir siad ceisteanna éagsúla ar an gCoimisinéir, lena n-áirítear ceist faoina fís don Aontas Eorpach agus faoina tuairim faoi na pleananna athchóirithe oideachais sa Bhulgáir. Maidir leis an gCoimisinéir, chuir sí ceisteanna ar na daltaí faoin mbrí atá le saoránacht Eorpach dóibh.


An Coimisinéir Georgieva le daltaí ó ardscoil "Ivan Momchilov"

Reáchtáladh an cruinniú idir an Coimisinéir Georgieva agus na daltaí laistigh de chreat an tionscnaimh "Ar Ais ar Scoil" agus fheachtas Lá Earraigh na hEorpa 2010, a bhfuil mar aidhm aige cabhrú le daltaí machnamh a dhéanamh ar an Eoraip agus a mbarúlacha a chur in iúl.


An Coimisinéir Georgieva ag tabhairt óráide le linn a cuairte